An Bhantiarna Jane Grey

Article on other languages:

Jane
Banríon Shasana agus na hÉireann
Portráid Streatham den Bhantiarna Jane Grey, a aimsíodh arís san 21ú haois
Réimeas 6/10 Iúil 1553 – 19 Iúil 1553
Dáta breithe t. deireadh 1536-tús 1537
Dáta báis 12 Feabhra 1554
Áit bháis Túr Londan (í curtha chun báis), Londain
Réamhtheachtaí Éadbhard VI
Comharba Máire I Shasana
Rítheaghlach Túdar
Céile An Tiarna Guilford Dudley

Bhí an Bhantiarna Jane Grey (1536/712 Feabhra 1554) ina banríon ar Shasana ar feadh naoi lá in Iúil 1553, le linn géarchéim chomharbachta. Tugadh 'Banríon na Naoi Lá' uirthi mar gheall air seo. Ba ghar-neacht le hAnraí VIII í agus chinn a athair agus Protastúnaigh thábhachtacha eile ar iarracht a dhéanamh í a chur i gcoróin tar éis don rí Protastúnach Éadbhard VI bás a fháil. Rinneadh é seo d'fhonn bac a chur ar an gCaitliceach, Máire Túdar, deirfiúr Éadbhaird agus an iníon ba shine le hAnraí VIII, teacht i gcoróin. Ach theip ar an gceannairc seo, ceal tacaíochta ón bpobal i gcoitinne. Cuireadh í chun báis tar éis do Mháire teacht i réim.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.