Infheicthe sna leithid idir +30° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine
Is réaltbhuíon gheal é an Ceintéar atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann de na réaltbhuíonta is mó ar spéir na hoíche. Is ceann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha é, agus tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon ar chatalógTholamaes. Tugtar Centaurus mar ainm Laidine ar an gCeinteár.
α Cen: tríréalta cháiliúil, agus an córas réaltach is gaire don Ghrianchóras. Tá an AB péire ar aicme speictreach G2V agus K1V – cosúil leis an nGrian ó thaobh maise de – agus ar méid 0.14 agus 1.24 faoi seach. Tá α Cen A ar an ceathrú réalta is gile ar spéir na hoíche, agus tá α Cen B ar an aonú ceann is fiche. Proxima Centauri a thugtar ar an tríú comhbhall; is abhac dearg í seo, ar aicme speictreach M5V, agus ar méid 11.10. Tá Proxima ar an réalta is gaire don Ghrian, agus is é sin is cúis leis a hainm, rud a chiallaíonn "is gaire" as Laidin.
β Cen: réalta eile den chéad mhéid de chuid an Cheinteáir, dá ngairtear freisin Hadar nó Agena. Tá an réalta seo ar an deichiú réalt is gile ar spéir na hoíche: ar méid 0.60 agus ar aicme speictreach B1III. Is tríréalta í fosta. Comdhéanann an Aa péire déréalta speictreascópach (RBT 1), ar méid 1.29 is 1.44, agus ar uillinn suímh 125° (sa bhliain 2002). Is réalta dhúbailte é an Aa-B péire (VOU 31), ar méid 0.58 is 3.95, ar deighilt 0.9" agus ar uillinn suímh 234° (1991).
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.