|
Article on other languages:
|
Is tír san Afraic í an Ghabúin. Is í Libreville an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht Fhrancach í. Tásí ag críochantacht leis an nGuine Mheánchiorclach, le Camarún agus le Poblacht an Chongó ("Congó-Brazzaville"). Bhain an tír amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 17 Lúnasa 1960, ach ní raibh ach beirt Uachtarán ag rialú na tíre ó sin i leith. Go luath sna 1990idí, tugadh isteach bunreacht nua, agus thosaigh an daonlathas á fhorbairt sa Ghabúin. Inniu, áirítear ar ceann de na tíortha is rathúla í ar fud na hAfraice, ós rud é go bhfuil daonra réasúnta beag ann, agus an tír saibhir in acmhainní nádúrtha. Is í an Chríostaíocht - an Caitliceachas ach go háirithe - an reiligiún is tábhachtaí sa Ghabúin, ach tá cuid mhaith Muslamaigh ann freisin, agus cleachtann cuid mhór de na Gabúnaigh anamachas chomh maith - is é sin, tugann siad adhradh do spioraid an dúlra. Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, agus is féidir glacadh leis go bhfuil ceathrar as gach cúigear de mhuintir na Gabúine in ann ciall a bhaint as an teanga. Timpeall ar Libreville, is iomaí duine a labhraíonn Fraincis fiú ó dhúchas. Na teangacha eile a labhraítear sa Ghabúin, is teangacha Bantúcha iad a bhformhór. Is í an teanga Fang an ceann is tábhachtaí acu, agus í gaolmhar leis na teangacha Bulu agus Ewondo a labhraítear i ndeisceart Chamarúin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.