Roimh an coup d'État i Iúil 1994, b'é an Ghaimbia ceann de na tíortha daonlathacha il-páirtí is síne na Afraic. Ritheadh toghchán gach 5 bliain ó fuair sí neamhspleáchas ón Bhreatain. Ó aimsir an coup go dtí Iúil 2001, bhí cosc ar pholaiteoirí as páirtí an Iar-Uachtaráin Jawara agus oifigigh shinsearacha eile a rith i dtoghcháin.
I ndiaidh an coup d'état, bhí toghchán don uachtarántacht i Meán Fómhair, 1996 agus bhuaigh Coirnéal Yahya Jammeh an rás. Ghlac ceithre phártí freasúra páirt i dtoghchán uachtarántachta ar 18 Deireadh Fómhair, 2001 agus bhuaigh Jammeh arís. Choimeád an APRC a dtromlach sa Chomhthionól Náisiúnta san olltoghchán i Eanáir 2002.