Infheicthe sna leithid idir +63° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir
Is réaltbhuíon réasúnta gheal é an Giorria atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas díreach laisteas den Bhodach. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon ar chatalógTholamaes. Lepus a thugtar ar an nGiorria mar ainm Laidine, rud a chiallaíonn "giorria".
Nod leat gur Lupus an t-ainm Laidine a thugtar ar réaltbhuíon an Fhaolchú, agus Lepus an t-ainm Laidine a thugtar ar réaltbhuíon an Ghiorria. Tabhair aire gan iad a thógáil in ábhraíocht a chéile.
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.