Sa réalteolaíocht, is é atá i gceist leis an nGrúpa Áitiúil ná an grúpa de réaltraí ina bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, suite. Tá meáchanlár an Ghrúpa Áitiúil idir Bealach na Bó Finne agus Réaltra Andraiméide. Tá an Grúpa deich milliún solasbhliain ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus mais na Gréine méadaithe faoi (1.29 ± 0.14)×1012. Cuid den Fhorbhraisle Áitiúil, ar a dtugtar Forbhraisle na Maighdine freisin, is ea é an Grúpa Áitiúil.
Is iad Réaltra Andraiméide agus Bealach na Bó Finne, ar réaltraí bíseacha iad, an dá réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, agus lear mór réaltraí beaga ag timpeallú gach ceann acu.
Is iad satailítí Bhealach na Bó Finne ná: Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora (SagDEG), Scamall Mór Magellan, Scamall Beag Magellan, Abharcréaltra an Mhadra Mhóir, Abhacréaltra an Mhadra Bhig, Abhacréaltra an Bhéir Bhig, Abhacréaltra an Dragain, Abhacréaltra na Cíle, Abhacréaltra an tSeachtamháin, Abhacréaltra an Dealbhóra, Abhacréaltra na Foirnéise, Leon a hAon, Leon a Dó, Abhacréaltra an Túcáin, agus Abhacréaltra an Bhéir Mhóir.
Is iad satailítí Réaltra Andraiméide ná: M32, M110, NGC 147, NGC 185, Andraiméide a hAon, Andraiméide a Dó, Andraiméide a Trí, Andraiméide a Ceathair, Andraiméide a Cúig, Abhacréaltra Sféaróideach Pheigeasais, Abhacréaltra Chaiseoipé, Andraiméide a hOcht, Andraiméide a Naoi, agus Andraiméide a Deich.
Tá a leithéid ann freisin agus Réaltra an Triantáin. Is é an tríú réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil é, agus é ar an t-aon réaltra bíseach amháin den ghnáthchineál sa Ghrúpa, nó is réaltraí bíseacha barracha iad Andraiméide agus Bealach na Bó Finne. Is féidir gur leathbhádóir de chuid Andraiméide atá ann, agus is féidir go bhfuil Abhacréaltra na nIasc á thimpeallú.