An Iúgslaiv

Article on other languages:

Tugadh an Iúgslaiv ar thrí aonad éagsúla polaitiúla sa bhfichiú haois:
 1 - Ríocht na Iúgslaive
 2 - PSF na Iúgslaive
 3 - Poblacht Fheidearálach na Iúgslaive

Tugadh an Iúgslaiv ar thrí aonad éagsúla polaitiúla sa bhfichiú haois. Tír na Slavach ó Dheas is ciall leis an ainm i dteangacha Slavacha na mBalcán.

Ba í Ríocht na Iúgslaive an chéad thír ar tugadh an t-ainm uirthi, agus d'eascair sí as Ríocht na Seirbeach, na gCróiteach agus na Slóivéineach a bunaíodh ar an i Nollaig 1918 nuair a cruthaíodh aontas idir stát na Slóivéineach, na gCróiteach agus na Seirbeach agus ríocht na Seirbe. Athraíodh ainm na tíre go Ríocht na Iúgslaive ar an 3 Deireadh Fómhair 1923.

Rinne an Iodáil agus an Ghearmáin ionradh ar an tír i 1941 agus mar gheall ar na heachtraí a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda cuireadh an ríocht ar ceal sa bhliain 1945.

D'fhógair treallchogaithe comhchumannacha An Iúgslaiv Dhaonlathach Fheidearálach sa bhliain 1943 agus athraíodh an t-ainm go Daonphoblacht Fheidearálach na Iúgslaive i 1946 agus rialtas comhchumannach i gceannas. Athraíodh an t-ainm arís i 1963, go Poblacht Shóisialach Fheidearálach na Iúgslaive. Bhí an tír comhdhéanta de shé phoblacht shóisialach: an tSlóivéin, An Chróit, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, Montainéagró, An tSeirbia agus An Mhacadóin. Thit an Iúgslaiv as a chéile sna cogaí a lean bás Tito.

Bunaíodh Poblacht Fheidearálach na Iúgslaive i mí Mhárta 1992 agus í comhdhéanta den dá thír nár fhág an Chónaidhm, an tSeirbia agus Montainéagró ach cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an Iúgsláiv nuair a d'fhógair an dá thír sin a neamhspleáchas i mí Mheithimh, 2006.

This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.