|
Article on other languages:
|
Is réaltbhuíon an stoidiaca é an leon, atá suite idir réaltbhuíon dhoiléir an Phortáin ar an taobh thiar de agus an Mhaighdean ar an taobh thoir de. Tugtar Leo mar ainm Laidine air, rud a chiallaíonn leon.
PríomhghnéitheFaightear a lán réaltaí geala ar an réaltbhuíon, mar Regulus (α Leo), croí an Leoin; Denebola (β Leo); agus Algieba (γ1 Leo). Is iomaí réalta eile níos doiléire a dtugtar ainmneacha áirithe orthu chomh maith, mar Zosma (δ Leo), Chort (θ Leo), Al Minliar al Asad (κ Leo), Alterf (λ Leo), agus Subra (ο Leo). Sa chúig aois déag rinneadh réaltbhuíon aonair de sheanastaireacht a léiríodh roimhe sin stoth ruball an Leoin. Folt Bheirnicé a thugtar anois ar an réaltbhuíon sin.
Réada suntasacha domhainspéireIs iomaí réaltra gheal a fhaightear ar réaltbhuíon an Leoin. Ina measc siúd is iad an dá chúpla seo a leanas is cáiliúla:
Stair is miotaseolaíochtDe réir mhiotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaití an réaltbhuíon seo leis an leon Néiméach (agus b'fhéidir gurbh é ab fhoinse an scéil sin) ar mharaigh Earcail é agus é i mbun cinn den dá shaothar déag; ina dhiaidh sin aistríodh ar an spéir é. D'adhradh na Sean-Éigiptigh an leon toisc go mbíodh an Ghrian ar an réaltbhuíon seo ar uair sceitheadh folláin na Níle. AstralaíochtBaineann comhartha astralaíoch an Leoin (Iúil 23 - Lúnasa 22) leis an réaltbhuíon ata ar aon ainm leis. De réir cúpla cosmeolaíocht, tá baint éigin ag an leon le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (mar aon leis an Reithe agus an Saighdeoir). Tá an leon ar cheann chomh maith de na ceithre chomhartha dhaingeana (i dteannta an Tairbh, na Scairpe, agus an Uisceadóra). Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an leon an croí agus an dromlach. Is é an tUisceadóir is frithchomhartha polach an Leoin, agus is í an Ghrian is pláinéad ceannasach leis. Dar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an leon féin. I measc tréithe an Leoin áirítear: croíúlacht, nádúr eisdíritheach, iompar maorga, claonadh lena thuairimí féin a chur i gcéill go bagrach, agus anam flaithiúlach. Os a choinne sin, féadfaidh lucht an Leoin a bheith méaldrámatach, ag lorg aire dóibh féin, agus féinlárnach. Bíonn siad an-bhríomhar chomh maith. Daoine cáiliúla ar rugadh faoi chomhartha an Leoin iad: Ben Affleck, Halle Berry, Raymond Chandler, Bill Clinton, Cecil B DeMille, Robert De Niro, Hulk Hogan, Whitney Houston, Mick Jagger, Stanley Kubrick, Jennifer Lopez, Madonna, Steve Martin, Herman Melville, Debra Messing, Benito Mussolini, Napóilean, Jacqueline Kennedy Onassis, Sean Penn,J K Rowling, Percy Bysshe Shelley, George Soros, agus Mae West. RéaltaíFéach fostaNaisc sheachtracha
Tagairtí
Article keywords: leon russell, leon, laura leon, leon s, ponce de leon, juan ponce de leon, donna leon, seat leon, leon redbone, |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.