Infheicthe sna leithid idir +90° agus −45°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán
Is réaltbhuíon an-doiléir é an Leon Beag atá le feiceáil ar éigean mar thriantán beag idir réaltbhuíonta sofheicthe an Bhéir Mhóir agus an Leoin. Murab ionann is an Leon, níor áirigh Tolamaes an Leon Beag i measc na 48 réaltbhuíon a d'aithin sé sa dara aois; is amhlaidh nach raibh an réaltbhuíon seo ann go dtí gur chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 í. Is é Leo Minor, a chiallaíonn an leon is lú, an t-ainm Laidine a thugtar ar an Leon Beag.
β LMi: más iontach le rá é, is í an fathachréalta seo, atá ar aicme speictreach G8, an t-aon réalt amháin ar an Leon Beag a bhfuil ainm Bayer uirthi; agus ar méid 4.21, ní hí an réalt is gile ar an Leon Beag.
Níl aon réad suntasach domhainspéire ar réaltbhuíon an Leoin Bhig. Is é an ceann is gile ná NGC 3003, réaltra ar méid chomhtháite 11.7m agus ar trastomhas uilleach 5.9 nóiméad stua. Feictear beagnach i dtreo na ciumhaise é.
Stair
Ar mbeith ina réaltbhuíon nua-aimseartha dó, ní bhaineann aon stair ná miotaseolaíocht leis an Leon Beag. Mar atá ráite cheana féin, chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 é.
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 048623567X.