Infheicthe sna leithid idir +90° agus −55°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta
Is réaltbhuíon nua-aimseartha í an Lincse, atá suite ar an leathsféar neamhaí thuaidh. Thug isteach Johannes Hevelius an réaltbhuíon seo sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690. Deirtear gur thug Hevelius an t-ainm Lincse ar an réaltbhuíon seo mar go bhfuil sí chomh doiléir sin gur gá súile lincse a bheith agat í a fheiceáil!
Tugtar Lynx mar ainm Laidine uirthi, rud a chiallaíonn lincse.
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.