|
Article on other languages:
|
Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Lir. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Is beag an réaltbhuíon í, ach is furasta í a aimsiú toisc go bhfuil an réalt is gile léi, Vega, ina rinn ar "Thriantán an tSamhraidh", mar a deirtear leis. Is é Lyra, a chiallaíonn "lir", an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo. Ag tosú ar an taobh ó thuaidh agus ag comhaireamh ar deiseal, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá teorainn ar theorainn leis an Lir: an Dragan, an laoch Gréagach Earcail, an Sionnach agus an Eala.
PríomhghnéitheSeo cúpla réalta gheal de chuid na Lire:
Réada suntasacha domhainspéire
MiotaseolaíochtAr seanléarscáileanna léirítear éan - go háirithe badhbh (Vultur cadens) - ar shuíomh seo na spéire, óir d'ionannaítí an réaltbhuíon seo agus a réaltaí le badhbh fadó [1]. Mar leis sin, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin le rá an Eala, an tIolar agus an Saighdeoir é féin), is amhlaidh go bhfuil baint éigin ag an Lir le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail. Má chuirtear san áireamh línte comhthreomhara réaltaí doiléire atá i lár báire na réaltbhuíne, tá dealramh lire uirthi, agus dá bharr sin éiríodh as badhbh a thabhairt uirthi agus de réir a chéile tosaíodh lir a thabairt uirthi ina ionad; ar feadh tamaill is amhlaidh gur ionanníodh í le badhbh agus lir ar iompar aici. Mar lir, ionannaíodh an realtbhuíon seo leis an ngléas ceoil a bhí ag Oirféas agus ar chas sé ceol air a chuir fiú amháin Háidéas faoi dhraíocht; tar éis a bháis, aistríodh an lir i measc na réaltaí. An Lir sa litríochtGlacann réaltbhuíon na Lire páirt thábhachtach sa tríológ K-PAX de chuid Gene Brewer; sna leabhair siúd maíonn othar in ospidéal meabhairghalar i Manhattan gur rugadh ar an bpláinéad K-PAX i réaltbhuíon na Lire é. Sa chruinne fhicseanúil ar an gclár teilifíse Star Trek, is í Sheliak (ß Lyr) is grianchóras cónaithe an chine eachtrannaigh sin atá ar aon ainm léi; tá drochmheas acu ar an gcine daonna agus ar chiníocha duiniúla eile(Star Trek: The Next Generation: "The Ensigns of Command"). Lyra is ainm freisin do dhuine den dá phríomhcharachtar sa tríológ His Dark Materials de chuid Philip Pullman. Lyra Belacqua is ainm iomlán di, ach aistrítear a sloinne go Silvertongue i rith an tsaothair. Is iníon Asriel Belacqua agus Marisa Coulter í. RéaltaíFéach fostaNaisc sheachtracha
Tagairtí
Article keywords: child lir, lir mailto, daughter lir, boston lir, gratis lir, lir yugoslavia, |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.