|
Article on other languages:
|
Is réaltbhuíon é an Míol Mór atá suite i ndeisceart na spéire, sa cheantar sin dá ngairtear an tUisce, in aice le réaltbhuíonta uisciúla eile mar an Uisceadóir, na hÉisc agus an Abhainn. Tagann a ainm Laidine Cetus ó mhiotaseolaíocht na Gréige; míol mór nó péist na mara atá i gceist. Ritheann an t-éiclipteach i ngar don réaltbhuíon seo. Is féidir leis na pláinéid a bheith suite sa Mhíol Mór ar feadh tréimhsí gearra. Aimsíodh astaróideach uimhir a ceathair, Vesta, sa réaltbhuíon seo sa bhliain 1827.
Príomhghnéithe
Réada suntasacha domhainspéire
Stair is MiotaseolaíochtTá aithne ar an réaltbhuíon seo leis na cianta. Sa Mheaspatáim, d'ionannaítí leis an mbanphrionsabal príomhordúil cosmach í, sin le rá le péist na mara Tiamat. De réir na mhiotaseolaíocht na Gréige, i dteannta na réaltbhuíonta os a chionn (Andraiméide, Ceiféas, Peirséas, Caiseoipé, agus b'fhéidir Peigeasas), b'fhéidir go mbaineann an Míol Mór le bunús mhiotas Mhaíomh Chaiseoipé, a mbaineann go coitianta leis. I luath-mhiotais áirithe na Gréige, d'ionannaítí freisin le geataí (agus cuaillí gheata) Ifrinn (.i. ceantar na spéire faoin éiclipteach) í. sa chaoi seo, i dteannta gnéithe eile sa chomhartha stoidiacach na nIasc (a chuimsíonn na hÉisc iad féin, chomh maith le réaltaí feiceálcha ar chúl an Mhíl Mhóir), is cosúil go bhfuil baint mhór ag an Míol Mór le bunús mhiotas thógáil Cheirbearais, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail. RéaltaíFéach fostaNaisc sheachtracha
Tagairtí
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.