α CMi: Procyon atá ar méid 0.38. Tá Procyon ar an t-ochtú réalt is gile ar spéir na hoíche. "Roimh an madra" a chiallaíonn an t-ainm Procyon as Gréigis, ó éiríonn sé roimh Réalt an Mhadra, Sirius, i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir.
Réada suntasacha domhainspéire
Tá réaltbhuíon an Mhadra Bhig chomh beag sin nach bhfuil aon réad domhainspéire istigh ann níos gile ná an deichiú méid.
Miotaseolaíocht
D'aithnítí an Madra Beag mar an ceann is lú de dhá mhadra fiaigh Oiríon. Ach níor áirigh na Sean-Ghréagaigh mar réaltbhuíon difriúil ina cheart féin é, agus mar sin de ceapadh ar dtús nach raibh ach madra amháin ag Oiríon. Féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh agus an Mhadra Mhóir.
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.