|
Article on other languages:
|
Tá an Madra Mór ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. Canis Major an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an madra is mó. Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Bhig, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist. Tá Sirius, an réalt is gile ar spéir na hoíche, sa réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus tá an réalta sin ar cheann de thrí rinn Thriantán an Gheimhridh chomh maith.
Príomhghnéithe
Réada suntasacha domhainspéire
MiotaseolaíochtD'aithnítí an réaltbhuíon seo ag muintir an tseansaoil leis na cianta. San Eoraip i rith na ré clasaicí, léiríodh sé Laelaps, cú Acteon; nó uaireanta cú Procris, nimfeach Dhiána; nó an ceann a thug An Aróir do Chafalas, a bhí chomh cáiliúil sin ar son a luais gur ardaigh Séas aníos ar neamh é. Go coitianta, is é madra fiaigh Oiríon é Canis Major (nó b'fhéidir an réalt Sirius amháin), ar lorg an Ghiorria nó ag cabhrú le hOiríon agus é ag troid leis an Tarbh; agus is mar seo a luaití é i saothair Arátais, Hóiméir agus Héisiad. Dhéanadh na Sean-Ghréagaigh tagairt d'aon mhadra amháin, ach faoi ré na Rómhánach, tháinig an Madra Beag ar an láthair mar mhadra eile Oiríon. De réir mhiotaseolaíocht na Róimhe, déantar tagairt don Mhadra Mór mar Custos Europae, sin le rá an madra a bhí ag faire Eorópa (ach theip air, mar d'fhuadaigh Iúpatar faoi ghné tairbh í); agus faoi dheireadh mar Ianitor Lethaeus nó Ceirbearas, is é sin le rá gadhar faire Ifrinn. Ag brath ar an méid doiléire a chuirtear san áireamh, tá dealramh ag an Madra Mór le gadhar agus é ag tabhairt a aghaidh ar an taobh thuaidh nó ar an taobh theas den éiclipteach. De réir mhiotaseolaíocht na Sean-Gréige, agus an madra seo ag tabhairt a aghaidh ó dheas, cheaptaí uaireanta gur mhadra décheannach a bhíodh ann, ós rud é go bhféachtaí ar Sirius mar mhadra ina cheart féin. Maidir leis sin, b'fhéidir go bhfuil baint éigin ag an réaltbhuíon seo, i dteannta cheantar sin na spéire nach bhfuil aon réaltaí gile ann (a áirítear anois mar réaltbhuíonta nua an-dhoiléire an tSioráif agus na Lincse) agus i dteannta rann eile de chomhartha stoidiacach an Chúpla (.i. Bealach na Bó Finne, an Cúpla, an Bodach, an tAra agus an Madra Beag), le bunús mhiotas bhólacht Ghéaróin, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail. RéaltaíFéach fostaNaisc sheachtracha
Tagairtí
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.