Infheicthe sna leithid idir +80° agus −80°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine
Is réaltbhuíon an stoidiaca í an Mhaighdean (). Virgo an t-ainm Laidine a thugtar uirthi, a chiallaíonn maighdean. Suite idir an Leon ar an taobh thiar di agus an Mheá ar an taobh thoir, tá sí ar an dara réaltbhuíon is mó ar an spéir. Is furasta í a aimsiú mar gheall ar an lúsuidea dá cuid réaltaí, dá ngairtear Spica nó α Virginis.
α Vir: is í an réalt is suntasaí ar réaltbhuíon na Maighdine ná Spica (α Vir), a bhféachtaí uirthi uaireanta mar dhias chruithneachta i lámh na Maighdine. Is furasta Spica a aimsiú trí leanúint den arc a shíneann le lámh an Chéachta ar réaltbhuíon an Bhéir Mhóir agus a théann trí Arcturus ar réaltbhuíon an Aoire ("lean den arc chuig Arcturus agus sín é chuig Spica").
I measc na réaltaí geala eile ar réaltbhuíon na Maighdine tá Zavijah (β Vir), , Auva (δ Vir) agus Vindemiatrix (ε Vir). I measc na réaltaí eile atá níos doiléire ná siúd ach a bhfuil ainmneacha dílse orthu chomh maith tá Heze (ζ Vir), Zaniah (η Vir), Syrma (ι Vir) agus Rijl al Awwa (μ Vir).
Braisle Virgo: toisc go bhfuil braisle réaltraí, dá ngairtear Braisle Virgo, lonnaithe ar an réaltbhuíon seo 5° go 10° siar ó Vindemiatrix (ε Vir), tá an Mhaighdean an-saibhir ar fad i dtaca le réaltraí. Ina measc seo faightear M49 (éilipseach), M58 (bíseach), M59 (éilipseach), M60 (éilipseach), M61 (bíseach), M84 (éilipseach), M86 (éilipseach), M87 (éilipseach agus ina radafhoinse cháiliúil), agus M90 (bíseach).
M104: réaltra suntasach nach bhfuil páirteach i mBraisle Virgo is ea M104, réaltra éilipseach dá ngairtear freisin Réaltra an tSoimbrearó. Tá an réaltra seo suite amuigh is istigh ar 10° siar díreach ó Spica.
Réaltaí
Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse acu:
Spica [Spica Virginis] nó Azimech nó Alaraph (67α Vir) 0.98
PSR 1257+12 – pulsár; 3 phláinéad eachtarghrianda (ar na gcéad cinn a aimsiodh!)
Miotaseolaíocht
Níl a fhios againn go baileach cérbh í an Mhaighdean ata léirithe ag an réaltbhuíon seo; i rith na n-aoiseanna, is beag nár ionannaíodh le gach bandia suntasach í, ina measc Isteár, Ísis, Cibéile, agus Aitéiné. Is cosúil go raibh baint éigin ag an Maighdean – i dteannta an Bhéir Mhóir agus an Bhéair Bhig – le miotas Callisto, mar Callisto í féin nó mar Héire. Mar gheall ar an Maighdean déantar tagairt go minic de Pheirsifiné (de réir cúpla miotaseolaíocht, go háirithe Rúndiamhra Eileoisise, b'ionann í agus an bandia Déiméitéir), ós rud é go raibh an Mhaighdean sárfheicthe go mórmhór san earrach, an tráth a d'aiséiríodh sí ón domhan thíos, mar a deirtí.
De réir leagain amháin, léirigh an réaltbhuión Astraea, iníon Shéas agus an bhandia Téimis. Bandia an cheartais ab ea Astraea, agus ionannaíodh leis an réaltbhuíon seo í toisc go raibh meá an cheartais (.i. an Mheá) in aice láithreach; deirtear go raibh an Domhan go léir faoina smacht eagnaí sa tseanré go dtí gur éirigh an cine daonna chomh cruachroíoch sin gur fhill sí ar ais ar neamh agus í bréan den scéal.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Mhaighdean an stéig bheag agus an stéig mhór.
Is í an mhaighdean a úsáidtear mar shiombail na Maighdine.
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.