Infheicthe sna leithid idir +90° agus −50°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meitheamh
Ainm eile: Arctophylax
Tá an tAoire ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus tá sé ar cheann freisin de na 48 réaltbhuíon a bhí ar chatalógTholamaes. Aoire bó nó treabhdóir atá ann, ach feictear air freisin mar fhaireoir béar, toisc go bhfuil sé in aice le réaltbhuíonta an Bhéir Mhóir agus an Bhéir Bhig. Ta an ceathrú réalta is gile ar spéir na hoíche, Arcturus, le feiceáil ar an réaltbhuíon seo. Boötes an t-ainm Laidine a thugtar air. (Nod leat gur déirise é an t-idirdhealaitheach ar an dara "ö" san ainm, agus nach umlabht é.)
Arcturus: is é seo an réalta is gile de chuid na réaltbhuíne seo; fathach flannbhuí atá ann, agus a thrastomhas 30 uair chomh mór le trastomhas na Gréine. Ar amharcmhéid -0.04, tá Arcturus ar an gceathrú réalta is gile ar spéir na hoíche. Is furasta é a aimsiú mar tá sé suite ar cheann an stua a dhéantar má chuirtear fad le heireaball an Bhéir Mhóir. Tá Arcturus ar cheann de thrí rinnThriantán an Earraigh, mar a deirtear leis – Spica (α Virginis) agus Denebola (β Leonis) an dá cheann eile.
ε Boo: is réalta dúbailte é seo, dá ngairtear freisin Izar; réalta flannbhuí is ea an phríomhréalta agus í ar amharcmhéid 2.7; gorm-ghlas an coimhdire agus é ar méid 5.12.
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.