|
Article on other languages:
|
Is réaltbhuíon dhoiléir é ar spéir na hoíche geimhridh an tAonbheannach. Tá réaltbhuíon an Bhodaigh ar an taobh thiar de, an Cúpla ar an taobh ó thuaidh, an Madra Mór ar an taobh ó dheas, agus an Phéist Uisce ar an taobh thoir. Ina measc réaltbhuíonta eile ata teorainn ar theorainn leis faightear an Madra Beag, an Giorria agus Deireadh na Loinge. Is é Monoceros, a chiallaíonn aonbheannach, an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo, cé go dtagann an focal seo ó bhunús ón nGréigis.
PríomhghnéitheTá réaltbhuíon an Aonbheannaigh beagnach dofheicthe, gan ach cúpla réalta dá cuid ar an gceathrú méid. Tá α Mon ar amharcmhéid 3.93, beagáinín níos gile ná γ Mon, atá ar méid 3.98. Ach tá cúpla réad spéisiúil le feiceáil ar an réaltbhuíon seo le cuidiú teileascóip bhig.
Réada suntasacha domhainspéire
StairIs réaltbhuíon nua-aimseartha í réaltbhuíon an Aonbheannaigh. Síltear go coitianta gurbh é an réalteolaí agus an diagaire Freaslannach Petrus Plancius a ainmniú sa bhliain 1613 í agus gur chuir an réalteolaí Gearmánach Jakob Bartsch ar léarscáil neamhaí í mar "Unicornus" sa bhliain 1624; ach dar le Heinrich Wilhelm Olbers agus Ludwig Ideler tá an réaltbhuión seo i bhfad níos sine ná sin agus luaitear i saothair éagsúla í chomh luath agus an bhliain 1564; ta sé ina scéala fosta gur aimsigh Joseph Scaliger ar sheanchruinneog neamhaí Pheirseach í sa séu aois déag. MiotaseolaíochtÓs rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í réaltbhuíon an Aonbheannaigh, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht chlasaiceach léi. De réir mhiotaseolaíocht na Meánaoise, áfach, b'ainmhí miotasach é an t-aonbheannach ab ionann leis an gcapall murach go raibh adharc bhíseach amháin ar a éadan. Bhí sé ina scéala go raibh adharc an aonbheannaigh ina nimhíoc ar gach nimh. D'fheictí an t-ainmhí go minic mar shiombail na geanmnaíochta is na híonachta. Réaltaí
Féach fostaNaisc sheachtracha
Tagairtí
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.