|
Article on other languages:
|
Tír talamhiata is ea í Poblacht na Seice (Česká republika nó Česko as Seicis). Tá an tír suite i lár na hEorpa agus tá sí ina ballstát san Aontas Eorpach. Tá teorann aici leis an bPolainn san oirthuaisceart, an nGearmáin san iarthar, an Ostair sa deisceart agus an tSlóvaic san oirthear. Is í Prág (Praha as Seicis) príomhchathair na tire. Tá an tír déanta den mBoihéim agus an Moravia, réigiúin stairiúla sa limistéar, chomh maith le cuid den Silesia. Tar éis Catha Mohács, rialaigh na Hapsburgaigh tailte na Seice. Níos moille ba pháirt de hImpireacht na hOstaire agus an Ostro-Ungáir ab ea iad tailte na Seice. Cruthaíodh Poblacht na Seiceslóvaice neamhspeách i 1918 tar éis titime na hImpireachta Ostro-Ungáire i ndiaidh an Chéad Cogaidh Domhanda. Tar éis an Chomhaontú München, áitíochta na Gearmánach sa Seiceslóvaic, díomá na ndaoine le freagra an Iarthair agus buíochas na ndaoine do shaoradh na tíre ag an Arm Dearg, bhuaigh an Páirtí Cumannach iolrachas (38%) sna toghcháin i 1946. Tharla coup d’état i 1948, agus de thoradh sin, d’éirigh an tSeiceslóvaic ina tír Cumannach. I 1968, mar gheall ar mhíshásamh méadaitheach, bhí iarraidh chun an réim a leasú. Glaodh “Earrach Phrág” ar na heachtraí sin agus tháinig sé chun buaice le hionradh arm na tírthe Chomhaontú Vársá. D’fhan na trúpaí sa tír go dtí titim na réime cumannaigh le linn na Réabhlóide Veilbhite i 1989. Ar 1 Eanair 1993, díscaoileadh an tSeiceslóvaic go síthiúil agus cruthaíodh dhá stát eile – Poblacht na Seice agus an tSlóvaic. Daonlathas ionadaíoch is ea í Poblacht na Seice le parlaimint iolraíoch ilpháirtí. Tá Václav Klaus ina cheann stáit faoi láthair. Tá an Príomh-Aire (Mirek Topolánek faoi láthair) ina cheann rialtais. Tá dhá seomra sa Pharlaimint – Seomra na nIonadaithe augs an Seanad. Chuaigh Poblacht na Seice in ECAT i 1999 augs in Aontas Eorpach i 2004. Is ball de OECD, Comhaire na hEorpa agus an Grúpa Visegrád ia ea í Poblacht na Seice chomh maith. Rinne Poblacht na Seice leasú eacnamaíochta mar príobháidiú tapa agus cáin comhréidh. Tá fás OTI deireanach timpeall 6%. Dár leis an mBanc Domhanda, is í Poblacht na Seice an chéad tír ó Comecon chun an stádas “tír fhorbartha” a bhaint amach.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.