Is tír í an tSeineagáil atá lonnaithe taobh theas d'Abhainn na Seineagáile in iarthar na hAfraice. Tá teorann aici leis an Aigéan Atlantach, an Mháratáin, an Ghaimbia agus Guine Bhissau. Is iamhchríoch í an Ghaimbia laistigh den Seineagáil, ag leanúint Abhainn na Gaimbia ar feadh 300 km intíre. Tá oileáin Rinn Verde suite 560 km ó chósta na Seineagáile.