Andalucía

Article on other languages:

tá Andulcía suite i ndeisceart na Spáinne
Brat

Is comhphobal féinrialaitheach í Andalucía atá suite i ndeisceart na Spáinne. Is í Sevilla an príomhchathair. Is í an dara réigiún is mó sa tír agus tá an daonra is mó aici.

Tá Andalucía timpeallaithe ag Extremadura agus Castilla-La Mancha ó thuaidh; taobh thiar de Murcia agus an Mheánmhuir (anoir aneas); taobh thoir den Phortaingéil agus an tAtlantach (aniar aneas). Tá an Afraic (Maracó) is Andalucía scartha óna gcéile le Caolas Ghiobráltar. Tá an teorainn idir an choilíneacht Briotanach Giobráltar agus an cúige Cádiz i Andalucía, trí ceathrú de mhíle ar fhad.

Stair

Ba shibhialtacht an-mhór agus an-chumhachtach í Tartessos, suite in Andalucía.

Tá sé soiléir go raibh tionchar mór ar chultúr Andalucía ag rialú na Muslamach ar feadh ocht n-aois a chríochnaigh i 1492 le bua na Ríthe Caitiliceacha i nGranada.

Tagann an Spáinnis a labhraítear i Meiriceá Laidineach, go mór ón saghas Spáinnise a labhraítear in Andalucía toisc go raibh Sevilla ina geata don Domhan nua sa 16ú agus 17ú aois.

Tá clú agus cáil ag Andalucía mar gheall ar a ailtireacht Mhoslamach. I measc na séadchomhartha is cáiliúla tá an Alhambra i nGranada, an Mezquita (mosc) i gCórdobha, an Torré del Oro (túr óir) agus na túir Girealda agus an Réales Alcázares i Sevilla, agus an Alcazaba i Málaga. Ó thaobh an seandálaíochta de tá tábhacht ag baint le Medina Azahara, in aice le Córdoba agus Itálica, in aice le Sevilla agus port Huelva.

Déantar ceiliúradh ar lá Andalusía (Sp.: Día de Andalucía) ar an 28 Feabhra, chun ceiliúradh dáta an reifrinn áitiúla faoi fhéinrialú .

Roinneadh riarthach Andalucía

Tá Andalucía roinnte in 8 gcúige, iad ainmnithe i ndiaidh phríomhchathair an chúige.

Rannáin Riaracháin Andalucía

Tá Andalucía roinnte in 8 gcúige, iad ainmnithe i ndiaidh phríomhchathair an chúige.

Mapa de Andalucía

Tá roinnt bailte tábhachtacha eile:

  • El Ejido, Macael y la "comarca del mármol", agus Roquetas de Mar, Almería
  • Algeciras, San Fernando, Jerez, agus El Puerto, Cádiz
  • Almuñecar, Guadix agus Motril, Granada
  • Úbeda agus Baeza, Jaén
  • Antequera, Ronda agus Marbella, Málaga
  • Dos Hermanas, Lebrija, Osuna agus Utrera, Sevilla



Comhphobail féinrialaitheacha na Spáinne

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Navarra | Na hOileáin Chanáracha | Cantabria | An Chatalóin | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Extremadura | Galicia | La Rioja | Comhphobal Maidrid | Murcia | Comhphobal Valencia

Article keywords: andalucía night, andalucía de españa la málaga rincón victoria, andalucía consejería cultura de de, andalucía el país suscripciones tarifas,

This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.