|
Article on other languages:
|
Tá Asturias (nó Asturies as asturianu) mar reigiún comhphobal féinrialaitheach na Spáinne atá suite ar an cósta ó thuaidh (Mar Cantábrico, ainm spáinis do Bá an Bhiscé). Tá teorainn aige le Cantabria, ó dheas le Castilla y León, san iarthear le Galicia. Na cathrach is tabhachtach ná, an príomhchathair, Oiveidiú (Oviedo nó Uviéu) , an calafort sa cheantar, an cathair is mó Gichión (Gijón nó Xixón), agus baile tionscalaíocht Aibhilés (Avilés). Bailte eile: Mieres, Langreo, Siero, Cangas de Onís, Cangas del Narcea, Grado, Lena, Laviana, El Entrego, Villaviciosa, agus Llanes.
StairCé gur thóg na Rómhánaigh an áit faoi Augustus, agus na Viseagotaigh sa 5ú haois, níor thóg na muslamaigh an talamh ar an gcósta thuaidh, de bharr an tírdhreach sléibhtiúil. B'ait é le éalaigh uathu san 8ú haois. Is é an réigiún (go háirithe tar eis bhunú Ríocht Asturias (Regnum Asturorum) inar tosaíodh an An Athghabháil (Reconquista). Níor éirigh leis na Muslamaigh an réigiún seo a thógaint go háirithe i ndiaidh cath Covadonga sa bhliain 722. D'fhás an Ríocht ó shin, agus bhailigh Críostaí san áit. Tar eis tamail le meath Al Andalus bhí an ríocht in ann méadú agus diadidh ar ndiaidh bhí ríocht Caitliceach eile ag fás. Seo é an fáth go úsáideann oidhre, a thagann go coróin na Spáinne, an teideal “Prionsa Asturias”. Cé gur mheath Ríocht Asturias, mhair an ceantar stáiriúil seo i dtuaisceart na Spáinne, tháinig alán uaisle saibhre as an áit agus bhí baint mhór aige le cóiliniú sa Domhan Nua. Bhí an áit páirteach go mór in eachtraí Cogadh Cathartha na Spáinne. Sa bhliain 1934, d’éirigh an lucht oibre den eite clé amach in aghaidh rialtas Dara Phoblacht na Spáinne (a bhí ar an eite dheas). Tháinig forsaí ó choilíneachtaí san Afraic Thuaidh, faoi Francisco Franco leis an réabhlóid a chuir faoi chois, go leatroniach. Dá bharr d’fhan sé dílis don rialtas poblachtánach daonlathach i rith an chogaidh cathartha. Tá scéalta iontach faoi chosaint na háite mar shampla ag Cath el Mazuco. Nuair a chuir Franco an tír faoi smacht, glaodh Cúige Oibhiedió, toisc an gaol idir an áit agus an ríochas, go dtí bás Franco sa bhliain 1975. Tugadh an t-ainm ar ais nuair a ath-bhunú daonlathas sa tír sa bhliain 1977. Sa bhliain 1982 rinneadh reigiún comhphobal féinrialaitheach den áit le struchtúr nua díríalaithe faoin mbunreacht nua. Ón bhliain 1999 b'é Vicente Álvarez Areces ón bpáirtí Sóisialach, Lucht Oibre (PSOE), Uachtaráin Rialtas Asturias. Tír EolasCruthaíonn sleibhte Cantabria (Cordillera Cantábrica) teorainn nádurtha leis an gCúige Castille y León ó dheas. Sna sleibhte san oirthear Picos de Europa páirc náisiúnta, tá na sleibhte is mó, áile sa tir ag dul chomh airde le 2,648 méadtar (8,688 throigh) ag an bhinn Torrecerredo. Rudaí eile ná an Parque Natural de Redes sa méanoirthear, na Ubiñas lárnach (taobh theas de Oviedo) agus Parque Natural de Somiedo san iarthar. Leis na sleibhte seo tá deiseanna iontach dreapadóireacht, agus siúlóid leannan siad 200 cileméadar in ioláin, comh fada le Galicia san Iarthar agus Cantabria san oirthear. Tá cósta mór ag Asturias, leis na céadta trá, aill agus pluaiseanna (tá chuid mhaith den talamh déanta as aolchloch). Ina measc ná Playa del Silencio (Trá Ciúin), in aice an tsráíd bhaile iascaireacht Cudillero (thaobh thiar de Gijón). Comh maith le sin tá tóir air na trá timpeall an ionad saoire Llanes, mar shampla Barro agus Ballota. Sin iad na gnéithe is tabhachtaí; an cósta garbh le ailltreacha, agus na sléibhte sa taobh istigh. Tá an aimsir níos ilghnéitheach, cósúil le tuaisceart na Spáinne go ginerálta, ná deisceart na tíre. Bíonn Samhradh teo, tais acu, lena alán gréine, le giota beag baisteach. Bíonn an gheimreadh measairthe séimh, le amantaí fuair, go háirithe sna sléibhte, ait in a mbíonn sneachta ó Mí na Samhna go mí Bealtaine. Deirtear go bhfuil Asturias mar chuid den “Spáinn Glas”, toisc an méid glas atá le féiceail i gcomparáid le chuid eile na tíre. Turasóireacht agus FámaireachtTá alán stair i bpríomhchaithair Asturias, Oveido, mar shampla an eaglais Santa María del Naranco agus an caisleáin San Miguel de Lillo, den stíl réamh-rómánach, a thógadh ar an sliabh Naranco, i rith am na céad Ríthe Asturias ó thuaidh den chaithir. Freisn i bpáirc náisiúnta Picos de Europa tá chuid den sliabhraon de Asturias. Tá sliabh cáiliúil darbh ainm Picu Urriellu (2519 m nó 8262 tr), ann le cruth cósúil le cúlfhiacail a lonraíonn óráiste faoi lonn na gréinne sa trathnóna. Ag brath ar an aimsir is féidir é a fhéiceáil go sóiléir ón tsráid bhaile Camarmeña, ina aice Poncebos, taobh theas de Arenas de Cabrales. Tá scrín don Mhaighdean Mhuire i Covadonga agus na loch sléibhe (Los Lagos), in aice Cangas de Onís. Tá finnscéalta ann go bheannaigh an Mhaighdean Mhuire forsaí na Críostaí Asturuas, roimh cath áirithe thug sí comhartha ag an am cruinn le teacht aniar aduaidh ar forsaí na muslamach. Deirtear gur tosóidh an Reconquista agus aontú na Spáinne ar deireadh, san ait seo. TeangaIs í Spáinnis an t-aon teanga óifigiúil sa cheantar. Tá an teanga Asturianu labhartha freisin agus tá cosaint sa dlí aige, Ley 1/1998, de 23 de marzo, de uso y promoción del bable/asturiano (Dlí 1/1998, 23 Márta, de úsaid agus chuir chun cinn Bable/Asturianu). Úsáideann an státseirbhís de Asturias é uaireanta. In iarthar an chúige, labhraítear Eonaviego freisin, agus tá an teanga seo clúdaithe faoin dlí 1/1998. Tá díospóireachtáí ann, faoi stádas na teanga, bhfuil sé mar cáiniúint leanúnach, nó cineál cósúil leis an dteanga Gailísis. Is beag úsáid a bhaintear as an dteanga seo i riarachán Asturias, i gcomparáid le, mar shampla, asturianu. Tá siad ag athrú ainmneacha áitiúla díog ar ndíog go sean Asturianu agus Eonaviego. CeolAmhrán Réigiúnach Bhí an t-amhrán réigiúnach Asturias, patria querida (Asturias, mo tír ionúin) an-cháiliúil agus glacadh é mar amhrán óifigiúil don Ley 1/1984, de 27 de Abríl. Dúradh gur amhrán do dhaoine ólta é, ach i ndáiríre níl sé seo fíor. Dúirt na fórsaí Náisiúnacha (fórsaí Franco) é seo chun chaitheamh anuas ar Asturias toisc gur d’fhás an t-amhrán as na h-oibrithe sna mianaigh - cliabhán chumannachas sa Spáinn - d’úsáid taobh na bpoblachtánach (sa chogadh cathartha agus Éirí amach na mianadóirí) an t-amhrán le athruithe beaga.
|
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.