Batman

Article on other languages:

Carachtar ficseanúil é Batman a chonacthas an chéad uair sna coimicí ar an iris Detective Comics i mí na Bealtaine 1939. B'iad Bob Kane agus Bill Finger a chéadcheap an laoch seo, ach is nós gan ach Kane a lua, ós rud é gurbh eisean a tharraing é.

Is é an fíorainm atá air ná Bruce Wayne. Gróintín saibhir é a bhfuil cónaí air i Mainéar Wayne, ar mainteach é i gCathair Gotham, cathair shamhailteach agus í múnlaithe ar chathair Nua-Eabhraic ó thaobh na staire de, cé go bhfuil an t-atmaisféar níos duairce i nGotham. Cuidíonn a chara is a leathbhádóir, Robin, leis, chomh maith lena ghiolla Alfred Pennyworth. Is é cúlra an scéil gur mharaigh coirpeach tuismitheoirí Bruce Wayne os comhair a shúl nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, agus gur chinn sé ansin a shaol a thiomnú don troid in aghaidh na gcoirpeach.

An Batmobile ón scannán Batman Begins

Níl cumhachtaí neamhshaolta ag Batman mar a bhíonn ag an gcuid is mó de laochra osdaonna na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le Superman. Mar sin féin, fear an-láidir, an-chliste, an-aclaí atá ann. Caitheann sé púicín dubh a chuirfeadh Zorro i gcuimhne duit, chomh maith le culaith dhubh agus liath (an Batsuit) agus crios uirlisí. Tá gluaisteán speisialta aige chomh maith, an Batmobile, agus é á coinneáil i bhfolach sa Batcave, seomra rúnda faoi Mhainéar Wayne.

Tá cuid mhaith naimhde ag Batman, agus iad níos cumhachtaí ná a chéile. Ina measc tá Joker, Catwoman, Penguin, Two-Face, Riddler, Scarecrow, Mister Freeze, Poison Ivy, Ra's Al Ghul, agus Ban.

Is iomaí scéal coimicí, scannán agus sraith teilifíse a rinneadh faoi Batman. Tháinig an scannán is déanaí, Batman Begins, ar an scáileán sa bhliain 2005. Sa scannán seo, is é Scarecrow an namhaid, agus é ina chógaseolaí sa ghnáthshaol. Shaothraigh an scannán 72.9 milliún dollar do lucht a dhéanta. Seolfar an chéad scannán eile faoi Batman, The Dark Knight, i Mí Iúil den bhliain 2008, agus is é Joker a bheidh ina namhaid ar an gceann seo. Iar-innealtóir é Joker a thit isteach i ndabhach cheimiceach. B'é Heath Ledger a rinne an pháirt seo, ach ní raibh sé daite dó an scannán a fheiceáil ar an scáileán, ó fuair sé bás le ródháileog drugaí in Eanáir 2008.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Article keywords: batman begins, batman game, batman beyond, batman and robin, batman forever, batman movie, batman costume, batman on film, batman return,

This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.