Ceann de theangacha oifigiúla na Breataine Bige is ea í an Bhreatnais. Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na dteangacha Ceilteacha, ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach. Tá cumas éigin Breatnaise ag tuairim is 25% de phobal na Breataine Bige, agus baineann 8-10% úsáid aisti go tráthrialta. Tá líon na gcainteoirí ag fás, go háirithe i measc na glúine óige, agus dealraíonn sé go bhfuil todhchaí na Breatnaise réasúnta sábháilte i gcomparáid leis na teangacha Ceilteacha eile.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.