Infheicthe sna leithid idir +90° agus −20°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain
Tá Caiseoipé ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. Is é Cassiopeia an t-ainm Laidine a thugtar air.
γ Cas: réalta athraitheach chorr agus fréamhshamhail na réaltaí Gamma Cassiopeiae (.i. B-réaltaí atá ag rothlú go mear agus ag cailleadh maise óna gcreasa meánchriosacha); méid 1.3 – 3.0. Is réalta dhúbailte optúil chomh maith í γ Cas (BU 1038): méid 2.20 agus 10.90; deighilt 2.3"; uillinn suímh 252° (sa bhliain 1961). Tá comhbhall eile le feiceáil freisin (BU 499): méid 12.90; deighilt 53.2"; uillinn suímh 346° (sa bhliain 1999).
η Cas: ilréalta le hocht chomhbhall (STF 60); tá an AB-péire ar cheann de na déréaltaí is cáiliúla sa spéir; William Herschel a d'aimsigh sa bhliain 1779 í; méid 3.52 agus 7.36; deighilt 12.9"; uillinn suímh 319° (2005). Is comhbhaill optúla iad na sé chomhbhall eile agus iad ar méid 8.41 go 11.75.
ρ Cas: hipearfhathach buíbhán atá níos mó ná 500 000 uair chomh lonrúil leis an nGrian; athraíonn sí ón gceathrú go dtí an séú méid gach 10 nó 11 mí.
R Cas: réalta Mira Ceti (saghas M) agus tríréalta optúil (ES 37). Tá an phríomhréalta ar méid 4.70 go 13.50; tréimhse 430.46 lá. Tá na comhbhaill B agus C ar méid 14.50 agus 11.00; deighilt 18.1" agus 30.3"; uillinn suímh 269° agus 321° (sna blianta 1962 agus 1991 faoi seach).
RZ Cas: réalta athraitheach uraitheach den saghas EA/SD (.i. cosúil le hAlgol ach leathscoite); ar méid 6.18 go 7.72; tréimhse 1.195247 lá. Tá an tréimhse ag dul chun síneadh le tamall anuas!
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.