|
Article on other languages:
|
Is ionann an chruach agus cóimhiotal iarainn a bhfuil ábhairín beag carbóin (timpeall ar 0.2 - 1.7 %) ann. Tabhair faoi deara gurb ionann ainmníoch agus ginideach an fhocail Ghaeilge de réir an chaighdeáin oifigiúil: an chruach, na cruach. Úsáidtear an fhoirm cruaidh (an chruaidh, na cruadhach) i gcanúintí áirithe freisin. Is é an tionchar a imríonn an carbón ar an iarann ná na hadaimh a choinneáil le chéile níos daingne, ionas nach féidir iad a asáitiú chomh furasta. Cuireann sin leis an teacht aniar atá sa chruach, i gcomparáid leis an ngnáthiarann. Bhí na daoine ábalta cruach a tháirgeadh ó laethanta an Renaissance anuas, ach níor éirigh sí coitianta roimh lár na naoú haoise déag, nuair a tháinig próiseas Bessemer agus tiontaire Bessemer ar an bhfód. B'iad an t-innealtóir Sasanach, Henry Bessemer, agus an miotalóir Meiriceánach, William Kelly, a tháinig ar an smaoineamh faoin am céanna beag beann ar a chéile. Bhí an próiseas in úsáid taobh amuigh den Eoraip leis na céadta bliain anuas, le fírinne, ach níor rith le haon duine roimh Kelly agus Bessemer é a chur i bhfeidhm ar an mórscála sa tionsclaíocht.
|
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.