|
Article on other languages:
|
Is deoch meisciúil é fíon a déantar as caora finiúna agus sú na gcaor. Tá stair fhada ag an bhfíon a théann siar na blianta chuig tús na staire scríofa. Is é an t-iarmsma fíona is mó cáil atá ar fáil ón réamhstair ná crúsca fhíon as an 5ú míle roimh Chríost. Ach más é sin an déantán is sine atá fágtha againn ó thraidisiún shaothrú an fhíona, is cinnte go dtéann an cultúir sin i bhfad níos faide siar sa stair ná sin. Bhí fíon a shaothrú san Ais, san Ioráin, sa tSeoirse agus níos déanaí, san Éigipt chomh maith, ní nach ionadh. Bhí fíon fairsing san Impireacht Rómhánach agus mar gheall ar sin, i mbeagnach gach áit san Eoraip.
Tá fíon á tháirgead i dtíortha eile ar fud na cruinne, go háirithe i gCalifornia i Meiriceá Thuaidh, sa tSile agus san Argaintín i Meiriceá Theas, agus san Astráil. |
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.