|
Article on other languages:
|
Is cóir iompair é an gluaisteán, nó an carr mar atá aithne air chomh maith. Is mótarfheithicil é leis a inneall nó mótar féin, a mbaintear feidhm as chun paisinéirí a bhogadh. Tá siad an-áisiúil i gcomhair aistir fhada, agus is féidir iad imeacht an-thapaí. Slí do cúigear daoine a bhíonn sa ghluaisteán. Bíonn ceithre rotha faoi ghluaisteán, boinn cúitiuc orthu agus fiotáin cúitiuc istigh iontu. Bíonn na fiotáin lán d'aer. Inneall a chuireann an gluaisteán ag gluaiseacht. De gnáth, bíonn dhá chinéal inneall ann - inneall peitril agus inneall díosáil. Is pléascinneall iad toisc gur dóitear an bhreosla istigh san inneall. Dóitear gás leachtaithe freisin. Is féidir gluaisteáin le inneall aibhléise a fháil ach ní bhíonn breosla iontu ach cadhraí nó ceallairí móra. Déantar iad a stiúradh le roth stiúrtha. Istigh faoi chosaí an tiománaí bíonn roinnt troitheáin chun gléasanna agus luas an ghluaisteán a athrú. Bíonn coscán i measc na troitheán sin chun an gluaisteán a mhoilliú nó é a stad. Bíonn troitheán luasaire ann chun luas an chairr a mhéadú, agus troitheán cráige chun na gléasanna a athrú. Déantar gluaisteáin i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, go h-áirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeic, Sasana, an Rúis, an tSeapáin, an India, an tSín, Meicsiceo agus an Bhrasaíl.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.