Is poblacht é Oileán Mhuirís. (Fraincis: République de Maurice).
Tháinig taiscéalaithe na Portaingéile ar an oileán seo i 1505, agus bhí ceannas ag na hOllanaigh, na Francaigh agus na Sasanaigh air faoi seach go dtí gur baineadh neamhspleáchas amach i 1968. Tír dhaonlathach atá ag brath ar thurasóireacht agus ar shiúcra. Tá sé suite soir ó chosta na hAfraice, ag 20 céim ó dheas, agus ar dhomhanfhad 57 soir.
Is de shliocht Indiach formhór an daonra, le beagán Francach chomh maith. Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil ach is Criól a labhraíonn timpeall 80% de na daoine.
Staitisticí
Daonra: 1,230,602. (meastúchán 2005)
Achar: 2,040 ciliméadar cearnach.
Aeráid: Aeráid thropaiceach (gan d'acmhainní nádúrtha tír ach talamh curaíochta agus iascach)
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.