|
Article on other languages:
|
Is éard é an Prótacal Aistrithe Hipirtéacs (as Béarla, HyperText Transfer Protocol, nó HTTP) ná an modh is tábhachtaí a úsáidtear chun faisnéis a iompar ar an nGréasán Domhanda. Prótacal cumarsáide atá ann a cuireadh chun cinn le haghaidh ailtireacht chliaint/freastalaí a chur i bhfeidhm, agus úsáidtear é chun leathanaigh HTML, íomhánna, stílbhileoga cascáideacha (CSS) agus ábhair eile a aistriú idir freastalaithe HTTP agus brabhsálaithe Gréasáin, agus duine ag tabhairt cuairte ar shuíomh Idirlín. Déanann RFC 2616 cur síos ar an bprótacal HTTP (leagan 1.1 an leagan reatha). Déanann RFC 2818 cur síos ar an bprótacal HTTPS. Is leagan criptithe de HTTP é HTTPS, a úsáideann SSL. Seolann an cliant (don chuid is mó brabhsálaí Idirlín) iarratas don freastalaí ag iarraidh acmhainne. Seolann an freastalaí freagra ar ais.
SamplaTá na ceannteidil seo a leanas simplithe go mór ionas go mbeifear in ann an oibríocht a thuiscint, ach is féidir i bhfad níos mó eolais a sheoladh don chliant nó don fhreastalaí. Seolann an cliant: GET /index.html HTTP/1.1 Séard is brí leis seo ná : Tabhair dom inneachar an leathanaigh index.html ag bun do fhreastalaí agus a fhios agat go bhfuilim ag labhairt as HTTP 1.1. Seolann an freastalaí an méid seo ar ais : HTTP/1.1 200 OK Date: Sun, 05 Nov 2000 20:24:23 GMT Server: Apache/1.3.14 (Unix) PHP/4.0.3 Last-Modified: Sat, 03 Jun 2000 07:12:12 GMT Content-Length: 3069 Content-Type: text/html <html> [...] </html> Séard is brí leis seo ná : Fuair mé d'iarratas, is freastalaí den saghas <Server> mé, inniu an <Date> agus is é an t-am deireanach ina rinneadh athrú don leathanach seo ná <Last-Modified>. Is é fad inneachair an leathanaigh ná <Content-Length> ochtréad agus is den saghas <Content-Type>. Seo an t-inneachar: <?xml version="1.0" ... Modhanna iarrataisTugann HTTP sainmhíniú ar ocht modh (nó briathra mar a thugtar orthu uaireanta) ag cur in iúl an t-aicsean is mian a dhéanamh ar an acmhainn aitheanta. Is iad seo na modhanna iarratais de réir na sonraíochta RFC 2616:
Leaganacha HTTPD'eascair leaganacha prótacail comhoiriúnacha go siarghabhálach, don chuid is mó, as HTTP. Déanann RFC 2145 cur síos ar úsáid uimhreacha leagain HTTP. Insíonn an cliant cén leagan atá á húsáid aige ag tús an iarratais agus baineann an freastalaí úsáid as an gceann céanna nó leagan níos luaithe sa fhreagairt.
Códanna StádaisTá cúig shaghas cóid sa fhreagairt ann:
|
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.