|
Article on other languages:
|
Is seansibhialtacht í an tSean-Éigipt a bhí suite in oirthuaisceart na hAfraice sa réigiún timpeall na Níle ina bhfuil an Éigipt nua-aimseartha ina seasamh sá lá atá inniu ann. Deirtear gur chuireadh tús an tsibhialtacht timpeall na bliana 3150 RC leis an aontú polaitiúil idir an Éigipt Uachtarach agus an Éigipt Íochtarach faoi cheannas an chéid Fharó, agus lean sí ar aghaidh ag forbairt le linn na trí mílaois ina dhiaidh sin. Roinntear stair na sibhialtachta ina tréimshí seasmhacha, ar a tugtar Ríochtaí, agus na tréimshí neamh-sheasmhacha eatarthu ar a tugtar Tréimshí Idirmheánacha. Tar éis na ríochta deireanach, an Ríocht Nua a tugtar air, thug an tsibhialtacht aghaidh ar ré ina raibh meath mall ag tarlú, le h-ionraí rialta ó stáit eile ón réigiún máguaird. Críochnaíodh riail na bhFarónna go h-oifigiúil sa bhliain 31 RC nuair a ghlac Impireacht na Róimhe, an tsárchumhacht nua, seilbh ar an réigiún, agus rinneadh cúige Rómhánach di. Rud amháin a chuir go mór le fás na Sean-Éigipte ná an méid sochair a bhain siad amach as na dálaí a bhí ar fáil i ngleann abhann na Níle. Le h-uisciú an ghleanna, bhí siad ábalta táirgí barrachais a chruthú, rud a spreag forbairt sóisialta agus cultúrtha. Le h-achmhainní breise, rinne na h-údaráis urraíocht ar saothrú mianraí an ghleann, luathfhorbairt ar chóras scríbhneoireachta, tionscadail tógála agus talmhaíochta, trádáil leis an réigiún máguaird, agus arm a bhí in ann an tír a chosaint ó namhaid agus ceannas na sibhialtachta a dhearbhú. Na daoine a spreag agus a eagraigh na gníomhaíochtaí seo ná na scoth-scríobháithe, na ceannairí, agus rna iarthóirí a bhí go léir faoi smacht an Fharó, an ceannaire diaga a chinntigh comhoibriú agus aontacht na nÉigipteach le córais reiligiúnacha ilchasta.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.