Bhí Seoirse VI (14 Mí na Nollag1895 – 6 Feabhra1952) ina rí ar an Ríocht Aontaithe agus ar na Tiarnais Bhriotanacha ó 11 Mí na Nollag 1936 go dtí lá a bháis. Tháinig sé i gcoróin gan choinne, nuair a d'éirigh an deartháir ba shine leis, Éadbhard VIII, as an gcoróin go tobann. Ba é an tImpire deireanach ar an India (go dtí 1947) agus an Rí deireanach ar Éirinn (go dtí 1949). Tháinig a iníon, Eilís II i gcomharbacht air.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.