|
Article on other languages:
|
Séard is Teanga Oifigiúil ná teanga le stádas speisialta dlíthiúil i tír nó réigiúin áirithe. Go ginearálta is í an teanga a úsáideann cúirteanna, parlaimint agus riarú an stáit. É sin ráite, uaireanta tugtar stádas oifigiúil do teanga le stádas dlíthiúil a thabhairt dó cé nach labhraítear go forleathan. Mar shampla, sa Nua-Shéalainn tá stádas oifigiúil ag Maorais cé go labhraíonn níos lú ná 5% den daonra. Bíonn teangacha oifigiúil ag eagraíochtaí neamh-náisiúnta agus fornáisiúnta, cosúil leis na Náisiúin Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Comh le na teangacha a bhfuil sainithe sa dlí, uaireanta bíonn an cuma oifigiúil ar theanga mar shampla sna Stáit Aontaithe níl aon teanga oifigiúil ag an tír (tá stádas oifigiúil ag an mBéarla ag 30 stáit aonarach, áfasch) sainithe ag cé go n-úsáidtear é go forleathan. Go praiticiúil, bíonn iarmhairt difriúil de bharr an stádas seo ag braith ar an tír, agus cé comh forleathan a labhraítear an teanga. I tíortha áirithe ní féidir ach an teanga oifigiúl a úsáid sna cúirteanna, sa chóras oideachais, ach i tíortha eile ligeann an stádas oifigiúil duit an teanga a úsáid mar sin. Mar shampla sa Nua-Shéalainn tugann an stádas oifigiúil atá ag Maorais, cead do duine an teanga a úsáid go dlíthiúil. I tíortha eile, ait a bhfuil an teanga in úsáid níos mó, ach ní go ginearálta mar shampla in Éireann nó sa Bhreatain Bheag, chaithfear fógraí stáit agus a leithead a chuir ar fáil sna teangacha oifigiúil (Gaeilge agus Breatnais) agus an teanga labhartha (Béarla). Tugann an stádas oifigiúil deis don teanga a úsáid sna scoileanna I(mar shampla in Éireann tá sé éigeantach). Tá nasc mhór idir an stádas oifigiúil agus ceisteanna náisiúnachas agus cearta dúchasach agus a leithead mar shampla in Éireann tugadh an stádas oifigiúil mar chuid de iarracht athbheocháin cultúr na Ghaeilge. |
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.