Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir
Is ceann de réaltbhuíonta an stoidiaca é an Tarbh (♉). Taurus, a chiallaíonn tarbh, an t-ainm Laidine a thugtar air. Is réaltbhuíon mhór é an Tarbh, a shuíonn go feiceálach ar spéir an gheimridh idir an Reithe, atá ar an taobh thiar de, agus an Cúpla, atá ar an taobh thoir de; tá Peirséas agus an tAra suite ar an taobh thuaidh de; tá an Bodach ar an taobh thiar theas de; agus tá an Abhainn is an Míol Mór ar an taobh thoir theas de.
M1: is réada eile é Réaltnéal an Phórtáin (M1), atá infheicthe trí theileascóp; iarsmaollnóva ar an taobh thoir thuaidh de ζ Tau atá ann. Bhí an pléascadh seo chomh geal sin gurbh fhéidir é a fheiceáil i lár an lae ghil. Aimsíodh ar 4 Iúil sa bhliain 1054 é ag lucht réalteolaíochta na Síne agus an Domhain Ioslamaigh, agus ag na hIndiach-Mheiriceánaigh (a bhreac síos ar a bpotaireacht é).
Réaltaí
Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
Aldebaran nó Cor Tauri nó Parilicium (87/α Tau) - 0.87
< الدبران ad-dabarān an té atá sna sála [ag an bPléadach]
De réir mhiotaseolaíocht na Measpatáime, áfach, tugadh MUL.GUD.AN.NA [gu4.an.na] ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn Tarbh na bhFlaitheas nó Tarbh Anu. Ionannaíodh an réaltbhuíon leis an tarbh a raibh Gilgamesh ag troid leis.
Dár ndóigh, is é an tarbh a mbaintear úsáid as mar shiombail an Tairbh.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Tarbh an muineál agus na guaillí.
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.